Scoileanna

Cearta Teanga

Tá áthas orm an acmhainn oideachais seo ar chearta teanga a chur in bhur láthair. Tugtar léargas ann ar chearta teanga go ginearálta agus ar chás na Gaeilge go háirithe, i gcomhthéacs cearta daonna.

Forbríodh an acmhainn oideachais i dteannta leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí agus cuireadh an pacáiste ar fáil do scoileanna dara leibhéal ar fud na tíre le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

Tá súil agam go spreagfaidh an acmhainn oideachais seo díospóireacht i measc daltaí scoile maidir le cearta teanga agus go gcabhróidh sí go mór leo tuiscint níos fearr a fháil ar an ábhar tábhachtach seo. Bheinn ag súil freisin go gcabhróidh sí leo a bhféiniúlacht mar shaoránaigh a fhorbairt i dtír a bhfuil dhá theanga oifigiúla aici, Gaeilge agus Béarla.

Tá fíorthábhacht leis an nGaeilge ó thaobh fhéiniúlacht phobal na hÉireann de agus is cuid lárnach dár gcultúr í. Tá dualgas orainn í a chaomhnú freisin mar chuid d’oidhreacht chultúrtha an domhain.

Tá súil agam go mbainfidh idir dhaltaí agus mhúinteoirí buntáiste agus taitneamh aisti.

An Coimisinéir Teanga