Tuarascálacha Airgeadais

Cuntais Bhliantúla

Soláthraíonn an Coimisinéir Teanga cuntais bhliantúla faoi chaiteachas Oifig an Choimisinéara Teanga don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus ina dhiaidh sin don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le leagan os comhair Thithe an Oireachtais.

Tá fáil anseo ar chuntais bhliantúla Oifig an Choimisinéara Teanga ó 2004 i leith.

Caiteachas

Ceadaítear faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go n-íocfaí liúntais i leith caiteachais leis an gCoimisinéir Teanga.  Caiteachas a bhaineann le taisteal agus cothabháil le linn dó a bheith i mbun gnóthaí oifigiúla a bhíonn i gceist go príomha, a íoctar de réir rátaí agus rialacháin na státseirbhíse.

Ar mhaithe le trédhearcacht tá sé mar pholasaí ag an gCoimisinéir Teanga eolas faoi aon liúntas i leith caiteachas a haisíocadh leis, a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin i ndeireadh gach ráithe.

Íocaíochtaí Pras

I gcomhréir le cinneadh de chuid an Rialtais (S29296 den 2ú agus 8ú Márta 2011) tá fáil anseo ar thuairiscí maidir le híocaíochtaí pras atá déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga.