Oifigeach Rochtana

Oifigeach Rochtana faoin Acht um Míchumas 2005

Tá Oifigeach Rochtana ceaptha ag Oifig an Choimisinéara Teanga de réir fho-alt 26(2) den Acht um Míchumas 2005.

Tá an tOifigeach Rochtana freagrach as cabhair agus treoir a sholáthar nó a eagrú agus a chomhordú do dhaoine le míchumas agus iad ag iarraidh teacht ar na seirbhísí a sholáthraíonn Oifig an Choimisinéara Teanga. Feidhmíonn an tOifigeach Rochtana mar phointe teagmhála do dhaoine le míchumas atá ag iarraidh leas a bhaint as na seirbhísí sin.

Seo a leanas na sonraí teagmhála don Oifigeach Rochtana

Maggie Ní Chadhain
Ríomhphost: maggie@coimisineir.ie
Fón: 091 504006
Seoladh: Oifig an Choimisinéara Teanga, An Spidéal, Gaillimh, H91 VK23

Oifigeach Fiosrúchán faoin Acht um Míchumas 2005

De réir alt 38 den Acht um Míchumas 2005, is féidir le duine gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga má mheasann sé/sí nach bhfuil an Oifig ag cloí leis an Acht sin. Tá Oifigeach Fiosrúchán ceaptha ag an Oifig le gearáin faoi Alt 38 a fhiosrú.

Geallann Oifig an Choimisinéara Teanga go ndéileálfar le gach gearán go cothrom de réir fhíricí an cháis.

Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúchán gearáin a fhiosrú go príobháideach agus má chinneann an tOifigeach go bhfuil gearán bailí déanta, ullmhóidh sí tuairisc faoin ábhar.

Más fíor nach raibh an Oifig ag cloí leis an Acht, cuirfear céimeanna i bhfeidhm chun a chinntiú go gcloífear leis as sin amach chomh fada agus is féidir. Cuirfear cóip den tuairisc ar an ábhar chuig an gCoimisinéir Teanga, chuig an mbainisteoir cuí agus chuig an ngearánach.

Seo a leanas na sonraí teagmhála don Oifigeach Fiosrúchán

Séamas Ó Concheanainn
Stiúrthóir na hOifige

Ríomhphost: seamas@coimisineir.ie
Fón: 091 504006
Seoladh: Oifig an Choimisinéara Teanga, An Spidéal, Gaillimh, H91 VK23