Treoirlínte maidir le hullmhú Scéimeanna
Chun cuidiú le comhlachtaí poiblí agus iad i mbun scéim teanga a ullmhú, tá treoirlínte reachtúla réitithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Riachtanais maidir le hullmhú Scéime Teanga
- Fógra a fhoilsiú ag lorg ionchuir ó pháirtithe leasmhara.
- Aird a thabhairt ar threoirlínte na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
- Cinntiú go bhfuil líon leordhóthanach foirne in ann seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge nó go dátheangach.
- Cinntiú go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar i limistéir Ghaeltachta.
- Cinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chinnfidh an comhlacht poiblí le toiliú an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
- Laistigh den tréimhse ama atá sonraithe san fhógra a foilsíodh, dréachtscéim a ullmhú agus a thíolacadh don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta lena daingniú.
Is féidir cóip de threoirlínte reachtúla na Roinne a íoslódáil anseo.