Gearáin & Imscrúduithe

Fiosraíonn an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí sa chás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, faoi aon rialachán atá déanta faoin Acht agus/nó faoi aon scéim atá daingnithe le comhlachtaí poiblí faoin Acht. Chomh maith leis sin, fiosraíonn an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á comhlíonadh. 

Mura féidir leis an gCoimisinéir Teanga an gearán a réiteach go sásúil ar bhonn neamhfhoirmiúil, is féidir leis imscrúdú nó fiosrúchán foirmiúil a sheoladh. Is féidir imscrúdú a dhéanamh bunaithe ar ghearán ó aon duine, ar iarratas ón Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus/nó ar thionscnamh an Choimisinéara Teanga.

Is iondúil nach rachfaí chun cinn le himscrúdú mura mbeadh iarracht gan toradh déanta an gearán a réiteach ar dtús trí chóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán Oifig an Choimisinéara Teanga nó mura mbeadh sé soiléir gur dócha nach réiteofaí an cás go sásúil d’éagmais imscrúdaithe. Próiseas casta é an córas imscrúdaithe a thógann am agus acmhainní agus ní hiondúil go rachfaí ina bhun gan cúis mhaith.

Forálann an tAcht d’fhíneáil nach mó ná €2,000 agus/nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a ghearradh ar dhuine a chiontófaí i gcúirt as diúltú nó teip comhoibriú le himscrúdú nó a chuirfeadh bac ar a leithéid.

Is féidir an bhileog eolais Gearáin chuig Oifig an Choimisinéara Teanga íoslódáil anseo. Más mian leat cóipeanna den bhileog eolais, téigh i dteagmháil linn ag eolas@coimisineir.ie.