Polasaí Príobháideachais agus Cosanta Sonraí

An chaoi a mbainimid leas as do chuid eolais

Soláthraítear eolas san fhógra príobháideachais seo faoi na bealaí a mbailíonn, a stórálann agus a gcoinníonn Oifig an Choimisinéara Teanga (OCT) eolas pearsanta a sholáthraíonn ár gcustaiméirí, agus í ag feidhmiú an údaráis oifigiúil atá dílsithe san Oifig.

Leas a bhaint as ár láithreán gréasáin

Féach an polasaí maidir le fianáin atá ar fáil anseo: Polasaí Fianáin. Ní rianaítear ná ní storáiltear le fianáin ar ár láithreán gréasáin  (www.coimisineir.ie) eolas pearsanta ná airgeadais úsáideoirí.

Inneall cuardaigh

Is feidhm cuardaigh inmheánaigh í an tsaoráid chuardaigh ar ár láithreán gréasáin, agus ní thuairiscíonn sí ach amháin an t-eolas a nochtar ar an láithreán gréasáin. Ní rianaímid ná ní choinnímid gníomhaíocht úsáideora nuair a bhaineann custaiméirí leas as an tsaoráid seo.

Gearáin ar líne

Is chun an próiseas gearán a éascú a thairgeann OCT córas gearán ar líne. Ní choinnítear na sonraí ar an suíomh – déantar an t-eolas a aistriú ar an ríomhphost go dtí an Oifig, agus déantar é a thaifeadadh ar chórais an hOifige dá thoradh sin.

Glaoch a chur ar an Oifig

Ní bhailíonn OCT Aitheantas Glao Líne Talún (ALG) ná aon fhaisnéis eile i leith bhunús glao éigin. Ní thaifeadaimid ná ní choinnímid comhráite gutháin.

Ríomhphost a sheoladh chugainn

Taifeadtar ríomhphost ar bith a sheoltar chugainn agus seoltar ar aghaidh chuig an duine ábhartha é. Bíonn seoladh ríomhphoist an tseoltóra le feiceáil ag gach ball foirne a phléann leis an iarratas. Coinníonn an Oifig ríomhphoist ar feadh 7 mbliana de réir ár mbeartais maidir le taifid.

Gearán a dhéanamh linn

Gintear comhad crua agus leictreonach nuair a théimid i ngleic le gearán. Is iondúil go bhfaightear eolas pearsanta faoin ngearánach sna comhaid sin. Déantar an t-eolas pearsanta a thaifeadadh i gcóras sreabhaidh oibre na hOifige chomh maith, chun gur féidir na gearáin a riaradh.

Ní bhailímid ach amháin an t-eolas pearsanta atá riachtanach chun an gearán a fhiosrú. Ní féidir gearán a fhiosrú le comhlacht poiblí dá uireasa, ach ní chuirtear sonraí pearsanta an ghearánaigh faoi bhráid an chomhlachta phoiblí go hiondúil. Is amhlaidh a bhailímid agus a fhoilsímid cás-staidéir agus faisnéis staitistiúil faoin líon agus faoin gcineál cásanna a phróiseálaimid, ach ní bhíonn tréithe pearsanta ar áireamh in aon chuid den fhaisnéis ná ní shainaithnítear duine aonair ar bith san fhaisnéis sin.

Is gnách nach gcaithimid aitheantas an ghearánaigh a nochtadh don chomhlacht poiblí a mbíonn gearán déanta ina leith, ach ní mór sin a dhéanamh i gcásanna áirithe a bhaineann le comhfhreagras pearsanta, mar shampla. Déanaimid iarracht mian an ghearánaigh fanacht anaithnid a chomhlíonadh, ach amháin sna cásanna nach féidir an gearán a fhiosrú gan aitheantas an ghearánaigh a nochtadh. 

Is amhlaidh a ghlactar bearta iomchuí chun a chinntiú go bpróiseáiltear sonraí pearsanta íogaire go sábháilte má bhailítear iad chun críocha gearán éigin.

Coinnítear an fhaisnéis a fhaightear sna comhaid ghearáin chrua agus leictreonacha i gcomhréir lenár mbeartas coinneála. Ciallaíonn sé sin go gcoinnítear an fhaisnéis ar feadh 7 mbliana ó dháta an ghnímh dheireanaigh ar an gcomhad. Coinnítear i dtimpeallacht shlán í agus ní bhíonn sí ar fáil ach amháin dóibh siúd a chaitheann rochtain a fháil uirthi.

Glantar amach sonraí pearsanta ó chóras sreabhaidh oibre na hOifige i gcás aon ghearánach nach raibh teagmháil againn leis/léi le 7 mbliana anuas.

Féadaimid aitheantas an chomhlachta phoiblí a fhoilsiú inár dTuarascáil Bhliantúil nó in áit éigin eile nuair a ghlacaimid le gníomh forfheidhmiúcháin. Ní fhoilsítear aitheantas an ghearánaigh.

Teagmháil eile

Coinnímid sonraí pearsanta i gcás teagmháil a bheith déanta linn ag lorg eolais nó má chuirtear iarratas ar fhostaíocht nó cuireadh chugainn. Déantar na sonraí sin a ionchur i sreabhadh oibre na hOifige chomh maith. De réir bheartas na hOifige maidir le taifid, déantar na sonraí sin atá i bhfoirm chrua agus leictreonach a scriosadh tar éis 7 mbliana.

Rochtain ar eolas pearsanta

Tá sé de cheart ag aon duine aonair eolas a fháil faoi aon sonraí pearsanta atá coinnithe ag an Oifig ina leith. Is féidir cóip den eolas sin a fháil trí iarratas i scríbhinn a chur chuig Maggie Ní Chadhain, Oifigeach Cosanta Sonraí, Oifig an Choimisinéara Teanga, An Spidéal, Gaillimh, nó ar an ríomhphost chuig OCS@coimisineir.ie. Is féidir iarratas a dhéanamh chomh maith go ndéanfaí na sonraí sin a leasú nó a scriosadh. Déantar céannacht an iarratasóra a dhearbhú sula scaoiltear amach aon sonraí, nó sula ndéantar aon leasú orthu.

Nochtadh

Is amhlaidh chomh fada agus is féidir nach nochtaimid sonraí pearsanta gan chomhthoiliú. B’fhéidir go gcaithfimis eolas pearsanta a chomhroinnt leis na páirtithe eile lena mbaineann nuair a fhiosraímid gearáin áirithe. Ní nochtaimid sonraí pearsanta duine aonair do thríú páirtithe seachas i gcásanna ina gcomhthoilíonn an duine aonair sin leis an nochtadh.

Nochtadh Costanta

Is féidir Polasaí Nochtadh Cosanta Oifig an Choimisinéara Teanga a fháil anseo.

Athruithe ar ár bPolasaí Príobháideachais

Is cáipéis bheo í seo, arna hathbhreithniú go rialta. Nuashonraíodh an beartas seo go deireanach i mí na Bealtaine 2018.

An chaoi chun teagmháil a dhéanamh linn

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir lenár bPolasaí Príobháideachais, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag OCS@coimisineir.ie nó ag an uimhir theileafóin 091-504006.

Tá sé de cheart ag duine achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh an Oifigigh Cosanta Sonraí chuig Stiúrthóir na hOifige agus ina dhiaidh sin chuig Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí.