Saoráil Faisnéise (FOI)

Is eagraíocht pháirtáirithe í Oifig an Choimisinéara Teanga faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

Deimhníonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise cearta daoine den phobal teacht ar eolas oifigiúil an oiread agus is féidir i gcomhréir le leas an phobail agus cearta príobháideachais daoine eile.

Faoin Acht, tá sé de cheart ag aon duine iarratas a dhéanamh teacht ar fhaisnéis phoiblí nach bhfuil ar fáil don phobal ar aon slí eile. Deimhnítear san Acht:

Tá taifid áirithe i seilbh Oifig an Choimisinéara Teanga nach dtagann faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Baineann an taifid seo le príomhfheidhmeanna reachtúla an Choimisinéara faoi Alt 21 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003:

Tá taifid eile i seilbh na hOifige a thagann faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ina measc siúd tá:

Tá eolas anseo maidir le hiarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Scéim Foilseachán

Leagann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 dualgas ar chomhlachtaí poiblí Scéim Foilseachán a fhoilsiú taobh istigh de shé mhí ón dáta ar tháinig Alt 8 den Acht i bhfeidhm. Cuirtear na cineálacha faisnéise seo a leanas ar fáil sa Scéim:

Scéim Foilseachán Oifig an Choimisinéara Teanga

Foilsiú na nIarratas a Fhaightear

Foilsítear anseo taifead ar gach iarratas a fhaigheann Oifig an Choimisinéara Teanga faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar eolas neamhphearsanta ón 14 Aibreán 2015 ar aghaidh (an dáta ar tháinig an tAcht i bhfeidhm. Tabharfar táblaí na dtaifead seo cothrom le dáta go rialta.

Taifead ar na hIarratais a fuarthas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

Eolas Breise

Más mian leat iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise nó má tá aon eolas breise ag teastáil uait faoi fheidhmiú an Achta in Oifig an Choimisinéara Teanga, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Saorála Faisnéise, Nóirín Sheoige, agus beimid an-sásta cuidiú leat.

An tOifigeach Saorála Faisnéise 
Oifig an Choimisinéara Teanga 
An Spidéal 
Gaillimh
Ríomhphost: saorailfaisneise@coimisineir.ie
Teileafón: 091-504006

Tá tuilleadh eolais i ndáil leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise le fáil ar an suíomh gréasáin, www.foi.gov.ie, atá faoi chúram an Lár-Aonaid Polasaí sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.