Caighdeán Seirbhíse do Chustaiméirí

Tá Cairt Chustaiméirí Oifig an Choimisinéara Teanga le fáil anseo.

Tá rún daingean ag Oifig an Choimisinéara Teanga seirbhís ghairmiúil, éifeachtach, chúirtéiseach a chur ar fáil dár gcustaiméirí go léir. Leagtar amach sa Chairt Chustaiméirí na caighdeáin seirbhíse ar féidir a bheith ag súil leo ón Oifig.

Mura bhfuil tú sásta le caighdeán seirbhíse Oifig an Choimisinéara Teanga nó leis an tseirbhís a fuair tú ó bhall foirne de chuid na hOifige, nó, go deimhin, má theastaíonn uait moltaí a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar ár seirbhís, is féidir dul i dteagmháil linn trí ríomhphost a sheoladh chuig seirbhis@coimisineir.ie, tríd an fhoirm ar líne anseo thíos a úsáid nó trí scríobh chuig:

An Stiúrthóir,
Oifig an Choimisinéara Teanga,
An Spidéal,
Gaillimh.

Cuirfear fáilte roimh do ghearán nó do mholadh agus pléifear leis gan mhoill agus faoi rún iomlán.