Inrochtaineacht

Táimid tiomanta don tseirbhís is fearr a sholáthar i ngach réimse, agus san áireamh, tá sé i gceist againn an suíomh gréasáin seo a bheith chomh hinrochtana agus is féidir. Baineann inrochtaineacht WCAG 2.1 AA, ar a laghad, le gach leathanach. Téigh i dteagmháil linn má thagann fadhb ar bith chun cinn a chuireann srian le do rochtain ar an suíomh seo. Tig leat scéala a chur chugainn má bhíonn aon fhadhb agat agus an suíomh seo á úsáid agat.

Téacs Níos Mó

Is féidir leo siúd ar fearr leo téacs níos mó a léamh méid an téacs a choigeartú ach na híocóin athraithe stíle a úsáid le CTRL + agus CTRL –

Gan Stílbhileoga

Is le stílbhileoga a dearadh an leathanach seo agus cuireadh barr feabhas air le haghaidh daoine atá dall ar dhathanna agus do dhaoine atá caoch. Más fadhb na dathanna dearaidh nó an leagan amach, áfach, is féidir an stílbhileog a chasadh as  Web Developer Plugin.

Teorainneacha Aitheanta

Tá cuid dár gcomhaid físe agus fuaime á dtras-scríobh. Tá súil againn go mbeidh na comhaid sin ar fáil mar theidil dhúnta ar na tras-scríbhinní físe agus téacs don fhuaim go luath.

Oifigeach Rochtana faoin Acht um Míchumas 2005

Oifigeach Rochtana ceaptha ag Oifig an Choimisinéara Teanga de réir fho-alt 26(2) den Acht um Míchumas 2005.

Seo a leanas na sonraí teagmhála don Oifigeach Rochtana

Maggie Ní Chadhain
Ríomhphost: maggie@coimisineir.ie
Fón: 091 504006
Seoladh: Oifig an Choimisinéara Teanga, An Spidéal, Gaillimh, H91 VK23