Dualgais de réir Rialachán

Tá dualgas reachtúil ar gach comhlacht poiblí atá ainmnithe faoin Acht feidhmiú de réir na Rialachán atá déanta ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi alt 9(1) den Acht.

De réir na Rialachán, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil:

Ní leor do chomhlachtaí poiblí fógairtí taifeadta béil, stáiseanóireacht nua agus/nó comharthaí nua a chur ar fáil i mBéarla amháin tar éis na ndátaí cuí atá leagtha amach sna Rialacháin seo. Caithfidh siad bheith i nGaeilge amháin nó i nGaeilge agus i mBéarla.

Is féidir na Rialacháin (I.R. Uimh.391 de 2008) a íoslódáil anseo.