Fáilte

Séamas Ó Concheanainn, An Coimisinéir Teanga

Séamas Ó Concheanainn, An Coimisinéir Teanga

Fearaim céad fáilte romhat chuig an suíomh gréasáin seo.

Feidhmíonn Oifig an Choimisinéara Teanga, a bunaíodh sa bhliain 2004, mar sheirbhís ombudsman agus mar ghníomhaireacht géilliúlachta i dtaca le seirbhísí stáit trí Ghaeilge.

Tá sé mar aidhm ag an suíomh gréasáin seo a bheith ina fhoinse eolais agus ina chabhair dóibh siúd ar cás leo cearta teanga an phobail agus dualgais teanga an chórais stáit.

Feidhmíonn an suíomh gréasáin seo mar ionad ilfhreastail nó mar mhol eolais do gach a mbaineann le hAchtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021 le hOifig an Choimisinéara Teanga.

Ar an suíomh seo tugtar léargas ar an obair a dhéanaimid agus ar an mbealach ina ndéanaimid é.

Rinneadh an fhorbairt is déanaí ar an suíomh le cinntiú go mbeadh an t-eolas air níos insroichte don phobal i gcoitinne agus go mbeadh fáil air go héasca ag cách. Leanfaidh na forbairtí seo mar go bhfuil ardán á fhorbairt againn le go léireoidh comhlachtaí poiblí a ngéilliúlacht do reachtaíocht fógraíochta.

Tá sé i gceist ag an Oifig seo seirbhís neamhspleách d'ardchaighdeán a chur ar fáil i gcomhlíonadh ár ndualgas reachtúil le cinntiú go ndéanann an córas stáit beart de réir a bhriathair maidir le cearta teanga.

Tá sé i gceist freisin cothrom na féinne a chinntiú do chách trí ghearáin maidir le seirbhísí poiblí i nGaeilge a láimhseáil ar bhealach atá éifeachtach, gairmiúil agus neamhchlaonta.

Ar ndóigh, is ceart dom a rá nach léargas cuimsitheach dlíthiúil atá sa suíomh gréasáin seo ar an Acht agus níor chóir glacadh le haon eolas ar an suíomh seo mar chomhairle dlí.

Dearbhaím go mbeidh áthas orm féin agus ar fhoireann na hOifige i gcónaí déileáil le ceisteanna nó gearáin faoi chearta agus faoi dhualgais teanga ach teagmháil a dhéanamh linn.

Is féidir gearán maidir le seirbhísí stáit trí Ghaeilge a dhéanamh ar líne, más mian leat é. Mar mhalairt air sin, is féidir gearáin a dhéanamh nó tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh linn tríd an bpost, ar facs, le ríomhphost, na meáin shóisialta nó ar an teileafón ar chostas glao áitiúil.

Ar an mbealach céanna, cuirimid comhairle ar fáil d’eagraíochtaí stáit faoina ndualgais teanga faoin Acht le cabhrú leo deimhin a dhéanamh de go bhfuil siad ag cloí lena n-oibleagáidí reachtúla.

Go raibh maith agat as cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin seo agus tá súil agam go mbraithfidh tú é a bheith úsáideach agus tairbheach duit.

Séamas Ó Concheanainn

______________________

Séamas Ó Concheanainn

An Coimisinéir Teanga