Cearta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Deimhníonn Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil na cearta seo a leanas ag an bpobal:
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go gcloífidh comhlachtaí poiblí le haon rialachán a dhéantar faoin Acht seo i dtaca le húsáid na Gaeilge i gcomharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil (Alt 9(1) den Acht).
- Tá sé de cheart ag an bpobal freagraí a fháil i nGaeilge ó chomhlachtaí poiblí ar chomhfhreagras tríd an bpost nó trí ríomhphost a scríobhtar sa teanga sin (Alt 9(2) den Acht).
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go gcuirfidh comhlachtaí poiblí faisnéis (mar shampla cora poist) chuig an bpobal i gcoitinne nó chuig aicme den phobal i gcoitinne, tríd an bpost nó trí ríomhphost, i nGaeilge nó go dátheangach (Alt 9(3) den Acht).
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfoilseoidh comhlachtaí poiblí doiciméid thábhachtacha ar leith, atá deimhnithe sa reachtaíocht, go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla, ina measc, aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí, aon tuarascáil bhliantúil, aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais, agus ráitis straitéise áirithe (Alt 10 den Acht).
- Tá sé de cheart ag duine aon ghnó a bheadh aige nó aici os comhair Thithe an Oireachtais nó os comhair coistí, fochoistí agus/nó comhchoistí de chuid an Oireachtais a dhéanamh trí Ghaeilge (Alt 6 den Acht).
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfoilseofar gach Acht den Oireachtas a achtaíodh ó mhí Iúil 2006 go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla a luaithe agus is féidir tar éis a achtaithe (Alt 7 den Acht).
- Tá sé de cheart ag an bpobal an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt nó i ngnóthaí cúirteanna (Alt 8 den Acht).
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith in ann leas a bhaint as gach seirbhís trí Ghaeilge atá comhaontaithe i scéim teanga ag comhlachtaí poiblí. San áireamh anseo tá na forálacha i scéimeanna ar leith a bhaineann le ceantair Ghaeltachta.
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfiosróidh an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí uathu sa chás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, faoi aon rialachán atá déanta faoin Acht agus/nó faoi aon scéim atá daingnithe le comhlachtaí poiblí faoin Acht. Tá sé de cheart ag an bpobal freisin a bheith ag súil go bhfiosróidh an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d’aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á comhlíonadh.
- Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfaighidh siad comhairle ó Oifig an Choimisinéara Teanga maidir lena gcearta teanga faoin Acht (Alt 21 den Acht).