Scéimeanna
Tá dualgas ar gach comhlacht poiblí atá ainmnithe faoin Acht scéim teanga a ullmhú nuair a iarrann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a leithéid orthu agus an scéim reachtúil sin a chur i bhfeidhm.
Déantar cur síos sa scéim ar na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht poiblí a sholáthar:
- trí Ghaeilge amháin
- trí Bhéarla amháin nó
- go dátheangach.
Freisin is gá go ndéanfaí sonrú ar na céimeanna atá i gceist ag an gcomhlacht poiblí a ghlacadh chun na seirbhísí atá luaite a chur ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach.