Baineann an Coimisinéir Teanga úsáid as fianáin le go mbeidh an t-eispéireas is fearr is féidir agat ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa Pholasaí Príobháideachais seo. Cliceáil anseo má theastaíonn uait an teachtaireacht seo a bhaint.

Scéimeanna Daingnithe

Tá na scéimeanna teanga a leanas daingnithe faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Fanann na scéimeanna reachtúla seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana nó go mbíonn scéim nua daingnithe ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta .Tá sé de cheart ag an Aire ag aon am agus tráth nach déanaí ná 6 mhí sula rachaidh scéim in éag, treoir a thabhairt don chomhlacht poiblí athbhreithniú a dhéanamh ar an dréachtscéim reatha agus scéim úr a ullmhú. I gcás go bhfuil athrú ar fheidhmeanna comhlachta phoiblí is féidir leis an Aire, trí fhógra i scríbhinn chuig an gcomhlacht poiblí, leasaithe a mholadh ar a scéim teanga.

D'iarr an tAire ar na ranna rialtais a leanas go gclúdófaí a gcúraimí nua sna dréacht scéimeanna atá á n-ullmhú acu faoi láthair: An Roinn Talmhaíochta, Mara agus Bia; An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Déanann Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht ar sholáthar na seirbhísí atá geallta ag comhlachtaí poiblí sna scéimeanna atá daingnithe. Tá na comhlachtaí poiblí sin liostáilte thíos faoi na hainmneacha agus leis na cúramaí a bhí orthu nuair a daingníodh a gcuid scéimeanna.

Cuardaigh Scéimeanna


Eagraíocht Scéimeanna Reatha Scéimeanna Roimhe
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Comhairle Cathrach Chorcaí
Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Comhairle Contae Átha Cliath Theas
Comhairle Contae Chill Chainnigh
Comhairle Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin
Comhairle Contae Liatroma
Údaráis Áitiúla an Chláir
Údaráís Áitiúla An Longfoirt
Údaráis Áitiúla Chill Mhantáin
Údaráis Áitiúla Chontae an Chabháin
Údaráis Áitiúla Chontae Chiarraí
Údaráis Áitiúla Chontae Chill Dara
Údaráis Áitiúla Chontae Chorcaí
Údaráis Áitiúla Chontae Dhún na nGall
Údaráis Áitiúla Chontae Laoise
Údaráis Áitiúla Chontae Lú
Údaráis Áitiúla Chontae Mhuineacháin
Údaráis Áitiúla Chontae na Gaillimhe
Údaráis Áitiúla Chontae Uíbh Fhailí
Údaráis Áitiúla Fhine Gall
Údaráis Áitiúla Loch Garman
Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo
Údaráis Áitiúla na hIarmhí
Údaráis Áitiúla na Mí
Údaráis Áitiúla Ros Comáin
Údaráis Áitiúla Shligigh
Údarás Áitiúil Cheatharlach
Ilikecake Ltd