Scéimeanna Daingnithe

Tá na scéimeanna teanga a leanas daingnithe faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Fanann na scéimeanna reachtúla seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana nó go mbíonn scéim nua daingnithe ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá sé de cheart ag an Aire ag aon am agus tráth nach déanaí ná 6 mhí sula rachaidh scéim in éag, treoir a thabhairt don chomhlacht poiblí athbhreithniú a dhéanamh ar an dréachtscéim reatha agus scéim úr a ullmhú. I gcás go bhfuil athrú ar fheidhmeanna comhlachta phoiblí is féidir leis an Aire, trí fhógra i scríbhinn chuig an gcomhlacht poiblí, leasaithe a mholadh ar a scéim teanga.


Déanann Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht ar sholáthar na seirbhísí atá geallta ag comhlachtaí poiblí sna scéimeanna atá daingnithe. Tá na comhlachtaí poiblí sin liostáilte thíos faoi na hainmneacha agus leis na cúramaí a bhí orthu nuair a daingníodh a gcuid scéimeanna.