Tá na scéimeanna seo a leanas daingnithe go dtí seo faoi Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Fanann na scéimeanna reachtúla seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana nó go mbíonn scéim nua daingnithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tá sé de cheart ag an Aire ag aon am agus tráth nach déanaí ná 6 mhí sula rachaidh scéim in éag, treoir a thabhairt don chomhlacht poiblí athbhreithniú a dhéanamh ar an dréachtscéim reatha agus scéim úr a ullmhú.
Déanann Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht ar sholáthar na seirbhísí atá geallta ag comhlachtaí poiblí sna scéimeanna atá daingnithe.
Léirigh imscrúdú gur sárú é ar Alt 18(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair nach raibh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil a bhí geallta go sonrach i scéim teanga ag comhlacht poiblí.
Déan teagmháil linn tríd an bhFoirm Ghearáin nó ar an nguthán ar chostas glao áitiúil
1890 504006
An Coimisinéir Teanga
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
Fón: (091) 504006
Facs: (091) 504036
eolas@coimisineir.ie.