An Coimisinéir Teanga: Ag cosaint cearta teanga

Athúsáid Faisnéise ón Earnáil Phoiblí

Cloíonn Oifig an Choimisinéara Teanga leis na Rialacháin [Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Athúsáid Faisnéise ón Earnáil Phoiblí) 2005 S.I. Uimh.279 de 2005] maidir le hathúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí agus molann an Oifig go n-athúsáidfí an fhaisnéis a tháirgtear.

Tá an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo faoi chóipcheart ag Oifig an Choimisinéara Teanga mura ndeirtear a mhalairt.

Is féidir faisnéis agus cáipéisí ar an suíomh seo a athúsáid faoi réir na gcoinníollacha den Cheadúnas Ginearálta PSI is déanaí atá le fáil ar www.psi.gov.ie.

Cuimsíonn athúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Clúdaíonn sé staidéar neamhthráchtála agus taighde freisin.

Baineann na coinníollacha seo a leanas le hathúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí. Ní mór duit:

  • An fhoinse agus an cóipcheart a admháil sna cásanna sin ina gcuireann tú an fhaisnéis ar fáil do dhaoine eile.
  • An fhaisnéis a atáirgeadh go beacht.
  • Gan leas míthreorach a bhaint as an bhfaisnéis.
  • Gan leas a bhaint as an bhfaisnéis ar bhealach arbh é a phríomhchuspóir fógraíocht nó cur chun cinn a dhéanamh ar tháirge nó ar sheirbhís faoi leith.
  • Gan an fhaisnéis a úsáid ar mhaithe le cuspóirí mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta.

Níl Oifig an Choimisinéara Teanga freagrach as aon chaillteanas ná dliteanas a bhaineann le hathúsáid faisnéise agus ní dheimhníonn an Oifig go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta ná saor ó earráidí. Ní thugann Oifig an Choimisinéara Teanga údarás d'aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige/aici maidir le hathúsáid a cuid faisnéise.

Coinníonn Oifig an Choimisinéara Teanga an fhaisnéis seo a leanas ar an suíomh gréasáin seo: Mapa Suímh

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:

Damhnait Uí Mhaoldúin
Bainisteoir Cumarsáide
Ríomhphost: Damhnait@coimisineir.ie
Fón: 091 504006
Seoladh: Oifig an Choimisinéara Teanga, An Spidéal, Co. na Gaillimhe