An Coimisinéir Teanga: Ag cosaint cearta teanga

Inrochtaineacht

Táimid tiomanta don tseirbhís is fearr a sholáthar i ngach réimse, agus san áireamh, tá sé i gceist againn an suíomh gréasáin seo a bheith chomh hinrochtana agus is féidir. Baineann inrochtaineacht AA, ar a laghad, le gach leathanach. Téigh i dteagmháil linn má thagann fadhb ar bith chun cinn a chuireann srian le do rochtain ar an suíomh seo.

Téacs Níos Mó

Is féidir leo siúd ar fearr leo téacs níos mó a léamh méid an téacs a choigeartú ach na híocóin athraithe stíle a úsáid. Dóibh siúd atá ag scimeáil le Javascript díchumasaithe, is féidir leas a bhaint as na rialtáin bhrabhsála chun méid na scripte a athrú.

  • Is mar seo a leanas atá in Internet Explorer: 'Alt v', 'x' ansin 'l' nó 'g'. Agus roghchláir á n-úsáid, roghnaigh View > Text Size > Larger / Largest
  • Is mar seo a leanas atá in Netscape: Ctrl+ nó 'Alt v', 'x' ansin 'i'. Agus roghchláir á n-úsáid, roghnaigh View > Text Size > Increase
  • Is mar seo a leanas atá in Firefox: Ctrl+ nó 'Alt v', 'z' ansin 'i'. Agus roghchláir á  n-úsáid, roghnaigh View > Text Size > Increase

Gan Stílbhileoga

Is le stílbhileoga a dearadh an leathanach seo agus cuireadh barr feabhas air le haghaidh daoine atá dall ar dhathanna agus do dhaoine atá caoch. Más fadhb na dathanna dearaidh nó an leagan amach, áfach, is féidir an stílbhileog a chasadh as.

In Firefox & Netscape déantar é seo trí na heochairbhuillí 'Alt v', 'y' agus 'n' a úsáid. Agus an roghchlár á úsáid, roghnaigh na roghanna View > Page Style > No Style

  • Más eochairchlár atá in úsáid in Internet Explorer, roghnaigh 'alt t' ansin 'o' agus 'alt e' agus úsáid an spásbharra chun na roghanna a thugtar a roghnú nó a dhíroghnú.
  • Más roghanna roghchláir atá á n-úsáid, téigh go Tools > Internet Options > Accessibility agus roghnaigh ticbhoscaí chun neamhaird a dhéanamh ar dhathanna, stíl agus roghanna méide.

Oifigeach Rochtana faoin Acht um Míchumas 2005
Tá Oifigeach Rochtana ceaptha ag Oifig an Choimisinéara Teanga de réir fo-alt 26(2) den Acht um Míchumas 2005.
Tá tuilleadh eolais faoin Oifigeach Rochtana le fáil anseo.