An Ghaeilge san Oireachtas

Díospóireachtaí/Coistí

Tá sé de cheart ag comhaltaí den Dáil agus den Seanad Gaeilge nó Béarla a úsáid in aon díospóireacht nó in aon imeachtaí eile sa Dáil, sa Seanad agus/nó in aon choiste, fochoiste nó comhchoiste den Oireachtas.

Tá sé de cheart ag duine aon ghnó atá aige nó aici os comhair Thithe an Oireachtais agus/nó os comhair coistí, fochoistí nó comhchoistí de chuid an Oireachtais a dhéanamh trí Ghaeilge nó trí Bhéarla.

Caithfidh gach tuairisc oifigiúil ar dhíospóireachtaí agus ar imeachtaí eile i dTithe an Oireachtais a bheith foilsithe go dátheangach, seachas óráidí (cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn).  Is féidir óráidí i gceachtar de na teangacha oifigiúla a fhoilsiú sa teanga inar dearnadh an óráid.

Tá córas ateangaireachta chomhuainigh ar fáil i dTithe an Oireachtais le cinntiú nach bhfuil an té atá gan Ghaeilge faoi mhíbhuntáiste nuair atá Gaeilge á labhairt.  

Achtanna an Oireachtais

Cé is moite den Bhunreacht, is iad Achtanna an Oireachtais an phríomhfhoinse dlí in Éirinn.  Is gá ón 14 Iúil 2006 ar aghaidh na hAchtanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla a luaithe agus is féidir tar éis a n-achtaithe, mar atá leagtha amach in alt 7 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. 

Ceadaíonn leasú a rinneadh ar an fhoráil seo in Alt 62 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 go ndéanfaí aon Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin sula ndéanfar é a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúil.

De réir Acht Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2006, alt 3(2)(a), titeann an dualgas ar Choimisiún Thithe an Oireachtais seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile i gcás Achtanna an Oireachtais.

Cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tá dualgas ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais gach bliain maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla sa bhliain roimhe sin.

ghriangraf ag Tommy Kavanagh [CC-BY]